Search icon

Feature

20th Dec 2016

Tuigeann Sibh I Bhfad Níos Mó Gaeilge Ná A Cheapann Sibh Féin, Geallaim Díobh

katedemolder

Tír gan teanga, tír gan anam.

Right?

Is gaol suimiúil é an cheann idir Éire agus An Ghaeilge, nach ea? Ceann a spreagann eagla, imní agus uafás i ndaoine seachas aon rud eile. Agus ná tosaigh faoin Modh Coinníollach… *ar crith*

Ach, ní chaithfidh sé a bheith mar seo.

Bíonn cainteanna i gcónaí faoi staid na Gaeilge, an chaoi a mhúintear í agus nithe eile a bhaineann leis an teanga – agus síleann daoine nach bhfuil mórán déanta fúithí – ach tá. Geallaim díobh.

I mean, féach ortsa anois – á léamh an alt seo, gan stró ar bith ort. (Maith thú, dála an scéil.)

Bhfuil sé ar eolas agat go bhfuil yóga as Gaeilge ar fáil sa chathair?! Agus is féidir libh do chuid gruaige a bheith gearrtha i nGaeilge? AGUS an méid áiteanna suite i lár na cathrach gur féidir libh an Ghaeilge a labhairt ós ard go bródúil?! B’fhéidir gur chuala sibh fúthú am éigin, ach ar bhain sibh úsáid astu riamh? Nah, níor bhain, mar shíl sibh nach raibh do chuid Gaeilge sách maith chun í a labhairt ós ard.

Ach, a chairde Gael, tá. Tááááááá, cinnte.

Bhí fonn orainn alt mar seo a scríobh nuair a chuala mé faoin ‘Pop-Up Gaeltacht‘ i Bar Rua ar Shráid Clarendon, ceann de na mílte áiseanna iontacha a bhaineann leis an Ghaeilge sa chathair. Agus an Ghaeltacht thar lear thall i gCeanada. Cé chomh inspioráideach?! Samhlaigh é.

Beatha teanga í a labhairt, agus thaispeáin Des Bishop é sin go hiontach le ‘In The Name Of The Fada’.

Dochreidte.

Anois, ar bhain sibh taitneamh as an físeán sin? Bhain, mar thuig sibh é. 

Séard atáim á labhairt faoi – tuigeann muintir na hÉireann (daoine aitiúila agus daoine as tíortha eile) níos mó Ghaeilge ná a cheap sibh cheana féin. Deireann sibh nathanna cainte mar ‘cúpla focal’ nó ‘Faiche Stiabhna’ nó ‘tá an ghrian ag taitneamh’ i gcónaí, agus tuigtear i gcónaí.

Tá an Ghaeilge i NGACH ÁIT; ar na sráideanna, ar teilifís, inár n-eaglaisí, i dtithe tabhairne ar fud na tíre agus, ar ndóigh, nuair a mbíonn sibh thar lear agus tá fonn oraibh labhairt faoi daoine (nó ‘bitch-áil’ a dhéanamh) ós bhúr gcomhair agus bíonn siad ag cur as dóibh. Cinnte.

Agus TUIGEANN SIBH IAD. Féach oraibhse! Nach bhfuil sibh deadly.

Anois, ní bhíonn in aon rud ach seal – agus caithfidh tú úsáid a bhaint as do chuid Gaeilge nuair atá sí agat. Tuigeann tú? Cinnte go dtuigeann. Smarty pants.

So, an bhfeicimid sibh ag an Pop-Up Gaeltacht?

Go n-éirí an bóthar libh is do chosán cóngair, bud.

READ NEXT: This Is The Complete List Of Vendors For Dublin’s Brand New Foodie Market

Topics: